Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 255
- XML “Scéalta Cruatán - Cruatán na nDaoine - Gorta agus Galar Tógálach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I rith an Ghorta bhí clann na gcomhnaidhe i bparóiste Cill-an-Dísirt an t-athair an mhathair agus triúir leanbhaí. Fe'n am seo bhí an t-athair san óspidéal i gCill-Ruais agus an mhathair agus a clann sa bhaile ag fagháil báis leis an ocras beagnach.Do thárla aon oidhche ná raibh blúire bidh fé dhíon an thighe aca agus bhí na leanbhaí bochta ag gol leis an ocras agus ba thruaighméileach an rud bheith ag éisteacht leo. Fé dheire do chuir an mhathair pota uisce os cionn na teine ag leigint uirthi go raibh sí ar tí an suipeár do ullamhú. Bhí súil aici go gcodlóchaidís tar-éis tamaill agus go ndearmaidfidís an t-ocras. Do thuit beirt aca a chodhladh agus do chuaidh an mhathair isteach sa seómhra chun iad a chur sa leabhtain. D'fhan an leanbh eile inaice na teine.Go h-obann thánaig bean uasail álainn isteach sa thigh agus gúna deas bán agus gorm uirthí agus an choróin mhuire 'na lámhaibh aice. Do shiubhail sí fé dhéin an dhriofiúr abhí inaice an fhalla agus d'fhág sí rud éigin ar a bhárr. Annsan d'imthigh sí as radharc fé mar a sloigfeadh an talamh í. Do rith an leanbh agus í an corruightheach isteach sa seómra agus d'innis sí an scéal dá mathair. Nuair thánaig an mhathair amach d'fhuair sí airgead ar bhárr an dhriosiúr.
- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Mhaoláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mhaoláin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir