School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Killadysert, Co. Clare
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 255

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 255

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 255
  3. XML “Scéalta Cruatán - Cruatán na nDaoine - Gorta agus Galar Tógálach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I rith an Ghorta bhí clann na gcomhnaidhe i bparóiste Cill-an-Dísirt an t-athair an mhathair agus triúir leanbhaí. Fe'n am seo bhí an t-athair san óspidéal i gCill-Ruais agus an mhathair agus a clann sa bhaile ag fagháil báis leis an ocras beagnach.
    Do thárla aon oidhche ná raibh blúire bidh fé dhíon an thighe aca agus bhí na leanbhaí bochta ag gol leis an ocras agus ba thruaighméileach an rud bheith ag éisteacht leo. Fé dheire do chuir an mhathair pota uisce os cionn na teine ag leigint uirthi go raibh sí ar tí an suipeár do ullamhú. Bhí súil aici go gcodlóchaidís tar-éis tamaill agus go ndearmaidfidís an t-ocras. Do thuit beirt aca a chodhladh agus do chuaidh an mhathair isteach sa seómhra chun iad a chur sa leabhtain. D'fhan an leanbh eile inaice na teine.
    Go h-obann thánaig bean uasail álainn isteach sa thigh agus gúna deas bán agus gorm uirthí agus an choróin mhuire 'na lámhaibh aice. Do shiubhail sí fé dhéin an dhriofiúr abhí inaice an fhalla agus d'fhág sí rud éigin ar a bhárr. Annsan d'imthigh sí as radharc fé mar a sloigfeadh an talamh í. Do rith an leanbh agus í an corruightheach isteach sa seómra agus d'innis sí an scéal dá mathair. Nuair thánaig an mhathair amach d'fhuair sí airgead ar bhárr an dhriosiúr.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáitlín Ní Mhaoláin
    Gender
    Female
    Age
    15
    Address
    Killadysert, Co. Clare
    Informant
    Bean Uí Mhaoláin
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    75
    Address
    Killadysert, Co. Clare