School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Killadysert, Co. Clare
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 258

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 258

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 258
  3. XML “Scéalta Cruatan - Cruatan na nDaoine Fadó in Éirinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus a chlann na gcomhnaidhe i Lios Cormaic fadó, na tuismightheóirí, triuir mic, agus aon inghean. Do chuaidh ceann des na buachaillíbh chuig America cúpla bliadhain roimh an gorta. Bhí seisean i gcéim mhaith agus bhí sé ag tuilleamh a lán airgid. Do chuir sé a lán de abhaile chuig a thuismightheóirí agus dá bhrigh sin ba sonas an saoghal abhí ortha san go dtánaig an gorta.
    Annsan lobh na prátaí ar an dtalamh ach dá olcas an rud é sin ba mheasa an scéal abhí aca nuair do thánaig an fiabhras ortha. Do fuair an lion-tighe go léir bás ach amhain an t-athair bás. Bhí briseadh croidhe air san agus le neart an bhróín d'imthigh sé as a mheabhair.
    Do chuir a cháírde fios ar an mac abhí in America agus do thánaig sé abhaile gan mhoill. Do thug sé an t-athair thar nais go h-America in éinfeacht leis ach do fuair an sean fhear bás bliadhain ón lá d'fhág sé Éire. Ní mairfeadh sean-duine no seamróg i gcré na stróínséírí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Cathasaigh
    Gender
    Female
    Address
    Liscormick, Co. Clare
    Informant
    Micheál Ó Cathasaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    30
    Address
    Liscormick, Co. Clare