School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Killadysert, Co. Clare
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 253

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 253

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 253
  3. XML “An Plá”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do chuir riaghaltas Shasana ósbidéil sealadach ar bun ar fuid na tíre i gcóír othar na pláighe. Bhí ceann aca san i gCill-an-Disirt. Is béag go rabhadar lán agus bhí sé ag teipeadh ar na daoinibh i gceannas ortha ionaid d'fhagháíl i gcóir an sluaigh abhí ag teacht chuca. Dá bhrígh sin nuair a fuair duine bás tóadh amach é láithreach agus fáadh inaice an fhalla é taobh istigh de'n osbedéal. Annsan is minic a cuireadh é gan comhra gan aisléine. Deirtear go mbíodh beirt no triúir curtha in gach uaigh agus ní i gcomhnaidhe a cuireadh ins an reilg iad ach in a bhfeirmeacha féin. Sin é an fáth go bhfuill puill doimhne ar a dtugtar puill na pláighe annso agus annsuid ar fuid na tíre.
    Do cuireadh duine abhí an phláígh air isteach san ósbeidéal i gCill-an-Disirt. Do cheap na banaltraí go raibh sé marbh agus do chuireadh an corp amach chun ionad a thabhairt do dhuine beo. Tar éis tamaill bhí fear ag gabháíl thart agus d'airigh sé an duine marbh (mar do cheap sé) ag guilghearán. Do chuaidh sé chuige agus do fhauir sé amach ná duine marbh a bhí ann in-aon-chor ach duine go raibh a chuid cainnte aige. (?) beó agus ní ag moladh na mbanaltraí abhí sé ach a mhalairt.
    Tugadh isteach arís é. Thánaig biseach air agus is fada an lá do mhair sé 'na dhiaidh sin agus is mo sceál d'innis sé mar gheall ar an úathbháach sin. Is fada an la go bhfuil sé imthighthe i Slighe na Firínne anois.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. plagues and epidemics (~104)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Cathasaigh
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Liscormick, Co. Clare