School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aon uair amhain do bhí fear darbh ainm Liam De Gabhánach na chomhmnaidhe i gCill-an-Dísirt. Sparnuidhe agus sealgaire cáileamhail do ba é. Do bhí conairt con aige i gcóir sealgaireachta. Marcach maith do ba é leis agus deirtear gur léím sé ó pháirc go páirc treasna an bhothair i Leac na Sionnach inaice an tobair beannuighthe. Bhí capaill maithe ráis aige darb ainm "An teachta ón gClár agus" An inghean. Do bhí alán capall ráis agus huntéirí aige. Bhí sé na chomhnaidhe sa thigh ceadna 'na bhfuil an sagart óg na chomhnaidhe anois.Do theidheadh sé fé dhéin gach cruinniú daoine ar fuid na tíre. Tánaig fonn air i gcóir cuideachta uile agus fé dheire bhí sé chomh h-olc le h-éinne aca. Do chaith sé deire a shaoghail i dtigh na mbocht i gCill-an-Dísirt.Protastúnach do ba é go dtí an lá a fuair sé bás. Protastúnach agus Tighearna talmhan do ba a athair. Caitiliceach do ba a mhathair agus a driofúreacha uile bean riagalta do ba ceann aca.Ba colcathair do an file Atty Ní Bhriain mar ba í a mhathair a h-áintin. Do fuair sí bás(continues on next page)
- Collector
- P. Ní Crobáin
- Gender
- Female
- Address
- Cooga, Co. Clare
- Informant
- Michéal Ní Crobáin
- Gender
- Male
- Age
- 47
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cooga, Co. Clare