Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)

Suíomh:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 240

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 240

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Leathanach 240
  3. XML “Ráthanna agus Liosanna Cill an Dísirt - Lios Cormaic”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 2) Lios Cormaic
    Bhí triuir Fiadhaighthe ag taistil na tíre uair an mheadhon oidhche. Do chuaidheadar isteach i Lios Cormaic chun a sgith a leigint agus d'fhágadar na gunnaí ar an leachtán. Scaoileadh urchar gan éinne lámh a chur ar na gunnaibh. Do chuaidheadar abhaile go tapaidh.
    Tá cnoc inaice an leasa darbh ainm "Coffey's Hill" agus do réír tuairim na ndaoine do thug gach sprid in Eirinn cúaird chuig an cnoc sin ó am go h-am. Deirtear leis, go mbíonn bean Sidhe agus Solus le feiscint inaice an leasa ó am go h-am. Creideann na daoine gur leis na Sidhe an lios seo.

    3. Lios Cormaic
    Tráthnóna samhraidh do chuaidh fear tríd an lios ar lorg a chuid beithidheach. Do fuair sé iad i gcúinne an leasa agus iad go léir marbh. Do chonnaic sé a lán daoine ag imirt liathróíde coise. Bhí fhios aige cuid aca a bheith marbh le deich bliadhna.
    Nuair do chuaidh sé abhaile is ar éigin a bhí cumas air labhairt. Thánaig teinneas air. Cuireadh fios ar an ndochtúir agus do fuair an fear bocht bás.

    4) Lios Cormaic
    Do dhein an fear gur leis é moinfheár do'n pháíc abhí inaice an leasa. Nuair abhí sé aibidh do bhain sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Treasa Ní Ciarrnáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Baile Uí Bhuacháin, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Cinnéide
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    Baile Uí Bhuacháin, Co. an Chláir