Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)

Suíomh:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 207

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 207

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Leathanach 207
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach - Cathair Dhá Chon agus Co Chiarraí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí táilliúir darbh ainm Tomás (-) na chomnaidhe i gCathair Dha Coun fadó. Do dhein sé taidhbhreamh trí oidhche ndiaidh a chéile go raibh ór le fagháil i bhfolach i gcaisleán darbh ainm Carraig an Fhóil i gCo. Ciarraighe. Duine tuigsionach ba eadh Tomás agus níor chuir sé mórán suime ins an scéal mar ni dheigh sé ag lorg an óir, pe rud é.
    Aon tráthnóna nuair abhí sé ag dul go Cill-an-Dísirt ar ghnó éigin do bhuail uime ar an mbóthar bean nach bhfeaca sé riamh. Do bheannuigheadar dá chéíle as Gaedhilg. D'innis an bhean dó gur thánaig sí go Co. an Chláír mar gheall ar thaidhbhreamh ar lorg fear darbh ainm Tomás (-). Annsan d'admhuigh Tomás gurbh é feín an fear sin agus gur dhein sé taidhbhreamh mar gheall ar a an ór. Do thug sí comhairle dó dul in éinfeacht léí ag lorg an óír agus do chaidh.
    Nuair do thanaigeadar i gcorsanamhacht an Chaislin do chuir an bhean fios ar thriúir fhir eile teacht in éinfheacht leo. Níor thaithnigh deallramh na bhfear sin le Tomás in aon chor ach níor labhair sé focal. Nuair thánaigeadar go dtí an caislean do thosnuigheadar ag scrúdú. Bhí fhios ag Tomás láthair na h-áite na raibh an t-ór ach bhí eagla air dá dteasbáinfeadh sé í do na fearaibh eile go mharbheóchadh siad é i gcoír an óir agus d' leig sé air go raibh sé dall maidir le láthair na h-áite. Do theip ortha é d'fhágháil
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Deaghaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cathair Dhá Chon, Co. an Chláir