Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)

Suíomh:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 299

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 299

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Leathanach 299
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Tá loch an halla Nuaidh suidhte trí míle ó Inis.

    Tá Loch an Halla Nuaidh sudhte trí míle ó Inis. Timcheall cead bliadhain ó shoin ba leis daoine darbh ainm Mac Domhnaill é. Do bhí a dtigh comhnuighte suidhthe inaice an locha. Ní thabhrfadh an sealbhathóir cead do éinne iascaireacht do dheanamh insan Loch. Bhíodh sé ag faire air i gcomhnuidhe chun a dheanamh amach an mbeadh aon duine ag goid an éisg ann.
    Aon oidhche nuair a bhí sé ag siubhail ar bhruachaibh an locha do cheap sé go bhfeaca sé rud ins an uisce. Do bhíodh gunna beag aige i gcomhnuidhe agus do scaoil sé urchar leis agus do bhuail sé é. Nuair do goineadh an rud do thosnuigh sé ag gol agus d'iompuig an Loch chomh dearg le fuil.
    (-) a bhí ann. Deirtear gur chuir sé eascanaí ar mhuintear Mhic Domhnail agus gur dhein sé taircint ná mbeadh an áit sin i seilbh Mhic Domhnail sar i bhfad. Do chuaidh sé as a seilbh.
    Go dtí le déanaige d'iompuigheadh an Loch chomh dearg le fuil ina am speísealta. Tá daoine beo fós a chonnaic an Loch dearg
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.