School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thánaig bean isteach agus leanbh na baclainn aici. D'iarr si braoinín bainne i gcoir an leinbh ar bhean an thighe agus dhiúltuigheadh di é. Annsan d'imthigh sí. Dubhairt bean an thighe gur ait an rud stróinséar mar í a theacht idtír agus an taoide istigh. D'oscaileadar an cúl doras agus do chonnaiceadar an bean ag dul isteach sa lios.Tamall 'na dhiaidh sin do chuaidheadar go dtí an bhainne agus cad do chonnaiceadar ann ach tubán uachtair agus é go léír doirte ar an úrlár. Annsan do thuigeadar ná bhean (?) abhí innte in aon chor ach bean Sídhe ón lios. Protastúnaigh ba eadh Sealbhathóirí an oileaín an t-am sin ach mar sin féin ón lá sin go dtí an lá a fuair sí bás níor dhiúltuigh an mhaighistereas aon duine a bheadh ar lorg déirce.
- Informant
- Connor Mac Eochaidh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Occupation
- Siopadóir
- Address
- Killadysert, Co. Clare