Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl (uimhir rolla 15327)

Suíomh:
Cathair Mhurchú, Co. an Chláir
Múinteoir:
Séamus Ó Laoighléis
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0602, Leathanach 144

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0602, Leathanach 144

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl
  2. XML Leathanach 144
  3. XML “Na Filí a Bhí Cónaí Orthu i Leath h-Ínse - Katty an Chúil Craoibhigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    luighe liom
    Acht mar a mbeadh scátha gach gréine gabháil taobh cnuic lá gaoithe.

    (IV)
    Nuair ba dhóigh do'm' mhuinntear go mbíonn ar mo leabaidh
    Ar do thuamdha do bhíonn sínte ó oidhche go maidean
    (-) gearán mo chruadhtan agus ag - fuar gol go daingean
    'N dhiaidh mo chailín ciúin stuamdha bhí dá luath liom agus i 'na leanbh.

    (V)
    An cuimhin leat an oidhche bhí mise agus tusa
    Ag bun an chrainn draighn insan oidhche ag cur cuisne
    Céad glóire le h-Íosa nár dhearchnamar aon briseadh
    Is go bhfuil do choróinn mhaighdine 'na coróinn soillseach as do coinne

    (VI)
    Tá na sagairt agus na bráithre gach lá liom-sa i bhfeirg
    I ngeall bheith i ngrádh leat-sa, óg-bhean is tú marbh
    Do dhéanfainn foscadh duit ó'n mbáistigh agus sin duit ó'n bhfearthainn
    Agus gur bé cuma ghear mo chroidhe istig tú bheith síos uaim insan talamh.

    (VII)
    Tabhair mo bheannacht do mháthair agus óirighim féin t-athair
    Is dod' caraid go léir da dtéidís na seasamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál C. Ó Laoighléis
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Sráid Synge, Co. Bhaile Átha Cliath
    Faisnéiseoir
    Micheál Mac Con Luachra
    Inscne
    Fireann
    Aois
    77
    Seoladh
    Cluain na Cille, Co. an Chláir