Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl (uimhir rolla 15327)

Suíomh:
Cathair Mhurchú, Co. an Chláir
Múinteoir:
Séamus Ó Laoighléis
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0602, Leathanach 142

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0602, Leathanach 142

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cahermurphy, Cill Mhichíl
  2. XML Leathanach 142
  3. XML “Na Filí a Bhí Cónaí Orthu i Leath h-Ínse - An Cailín Deas Crúite na mBó”
  4. XML “Na Filí a Bhí Cónaí Orthu i Leath h-Ínse - Katty an Chúil Craoibhigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá ceann eile ana dheas ag an ughdair céadhna agus 'sé an tiodal atá ar ná "Katty an Chúil Craobhaigh". Sé an scéal atá ag gabháil leis ná buacaill aimsire ó Conndae an Chláir a chuaidh síos go Corcaigh ag obair le feirmeóir ann. Bhí inghin áluinn, Katty, ag an bfeirmeóra seo agus do thuit an buacaill aimsire i ngradh leí agus thuit sise i ngradh leis. Níor thaitn seo leis an sean fhear cor ar bith agus ceap sé ar seift chun iad a chuir ó na chéile; thug sé laethe saoire don bhuachaill i gcóir coidhcíse, agus nuair a bhí sé imthighthe thar nais go dtí an Chláir chuir an sean fhear iacaill ar an gcailín fear sprúinlaithe a phósadh abhí comhnudihe air in aice leó. Do bris an cleamhnais seo chroidhe an cailín agus i gceann cúpla lá fuair sí bás. Nuair abhí na laethe saoire tart tháing an buachaill ar ais go Corcaigh agus fuair sé amach connus a bhí an scéal. Cuaidh sé go dtí an reilig agus shuidh sé síos ar uaig Katty agus thosnuig sé ag cainnt le Katty
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál C. Ó Laoighléis
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Sráid Synge, Co. Bhaile Átha Cliath
    Faisnéiseoir
    Micheál Mac Con Luachra
    Inscne
    Fireann
    Aois
    77
    Seoladh
    Cluain na Cille, Co. an Chláir