Scoil: An Churrach (Crogh), Árd Fhionáin (uimhir rolla 7911)

Suíomh:
An Currach, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Mícheál Ó Dubhshláine
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0572, Leathanach 400

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0572, Leathanach 400

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Churrach (Crogh), Árd Fhionáin
  2. XML Leathanach 400
  3. XML “Poll an Fháinne agus an Bradán Feasach”
  4. XML “Poll an Fháinne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go raibh an fhios fuighte ag Fionn, bhí sé ar buile. Do rug Fionn ar an sleagh agus do shaigh sé an tshúil maith a bhí ag Gruagach leis. Bhí Gruagach bocht dall annsan agus bhí sé an-dhain air theacht suas le Fionn. Ní raibh dada le deanamh aige ach labhairt leis an bhfáinne. "Cá bhfuil tú a Fháinne" Tá mé ar mhéar Fhinn ar san Fáinne. Bhí Gruagach an-gairid do bhreith ar Fhionn agus tháinigh eagla ar Fhionn agus gheárr sé a mhéar a raibh an fainne air agus do chaith sé amach i bpoll uisge é. "Cá bhfuil tú a Fháinne" ar sa Gruagach arís. Tá mé san uisge arsan Fháinne. Do léim Gruagach isteach 'na ndiadh agus do bháidheadh é agus d'imthigh Fionn saor tar éis cuid de'n bhradán feasa d'ithe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge