Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Corraidheacht is ceud blian ó shoin do mhair i [?]mbothán shuarach ar chliathán an chnuic shiar ansann trúir dearbhratharacha. Ní raibh aon teóra le na neart cé gur caol a gcuid go minic. Lá dá raibh beirt acu ar an dtráig ag bailiú duirn [?] bhí an duine ba shine, Domhnall Buidhe a tugtaí air, ag tabhairt aire don tig. Tráth éigin sa ló cia bhuailfeadh chun an tighe acht beirt prochtóirí an ministéara ag bailiughadh deachuighthe. Dubhairt Domhnall na fuighidís oiread agus punann uaidh [?]féin agus dubhradar san do dána go gcaithfidís é fhaghail nó go gcuirfí amach ar thaobh an bhóthair é. D'eirig an argóint eadarta agus bé deire an scéil gur bhris ar fhoidne Dhomhnaill Bhuidhe agus gur thug sé bataráil maith dóibh. Thugadar na cosa uaidh acht ní mó ná san agus chuaidh an ráfla amach láithreach go bhfuair duine acu bhás an oidce sin de thoradh an batarála a fuair sé.
Seachtain ón la san roim eirighe na gréine do cuireadh doras an bhotháin isteach ar an úrlár agus sar a raibh d'uain ag an dtrúir istig eirighe bhí is docha fiche saighdiúr timcheall orta. Ní raibh aon nidhe ag na driotháireacha le na gcosaineóchaidh iad fein agus fuaireadar droch úsaid i dtreó go rabhadar cómh lag traochta tar éis tamaill go raibh i gcumas na saighdiúirí iad a cheangailt. Tugadh go Droichead na Bandann iad ós cóir cúirte a bhí ann agus daoradh Domhnall chum báis. Leogadh an bheirt eile saor. Crochadh Domhnall. Breitheamh a bhí i mBaile Átha an Fhinín a dhaor chum báis é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ua Caochlaí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 100
- Seoladh
- Snámh, Co. Chorcaí