Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 318
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An ceud lá a raghfá ag cur scioltán dá mbeadh cuid acu gan cur agat nior cheart iad a thabhairt isteach abhaile leat acht iad a thabhairt dos na buaibno do ainmhidhthe eigin
Ní ceart aon talamh do dhearga Aoine a Cheasadh. Deireadh na sean-daoine, "Aoine an Cheusad na saoire ar casaoíbh"
Ní ceart dul isteach doras le ramhain, le píce no lé sluasaid ar do ghualainn
Ní ceart treabhadh nó romhar i gcoinnibh na críche
Sa tseana shaoghal do thugadh gach feirmeóír a dha oiread bídh do gach ainmhidhe Oidhche Nodlag agus Oidhche an Dothain Mhóír
Má fágtar aon chuid de iomair gan siol a chur ann nuair a bhídhtear ag cur garradihe beidh ana mhí adh ar an té a dehin an dearmhad. Siol dearmhad a tugtaí air
Oidhche lel Seáin lasann fear-a-tighe scathán mor aitinn agus teidheann tríd an garraidhe leis agus imeasg na mbó leis chun mí adh na bliadhna a choimeád uatha
Má thugann tú bainne do dhuine agus é fhaghail thar nais arís uaidh ní beidh aon rath ort
Má thugann duine tabharthas bláthaighe chughat is ceart duit rud éigin a chur san ártach follamh nuair a bíonn sé ag fágaint (?) do thighse(leanann ar an chéad leathanach eile)