Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 287

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 287

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 287
  3. XML “Gaiscíoch na hÁite seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear na chómhnuidhe i Muillean Mór fadó agus bhí sé go h-ana maith chun cloch a chaitheamh thar dhruim a ghualainn. Ba dheacair fear d'fhághail a bhuadhfadh air ag caitheamh caiste. Bé an fear ab fhearr i gCúm-Thóla é chun mearóg a chaitheamh.
    Do bhí fear eile na chómhnuidhe i gCúm-Thóla uair gur ab ainim do Diarmuid Garbh. Do bhí an fear so thar barr chun reatha agus chun iománuidheachta. Do chuireadh sé an liathróid pé fhaid ba maith leis le buille chamáin. Do thógfad sé ualach idir a dhá láimh oiread agus a thógadh aon bheirt fhear eile. Is minic d'fhág sé a bhaile maidean Gheimhridh agus do shiulbhalfhadh sé isteach go Cill Áirne chun a chíos do dhíol agus do bhíodh sé sa bhaile airís ag cómharac laé is oidhche an la ceudhna.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Muileann Mór, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    An Muileann Mór, Co. Chorcaí