Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 212

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 212

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 212
  3. XML “Captaen Ó Laoghaire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tímcheall ceud bliadhan ó shoin bhí fear tímcheall na h-áite seo dár bainm do Captaon Ó Laoghaire. Bhí sé ag rith ó shaigdiúirí Shasana. Comrad de Dhiarmuid na Sgeul do beadh Captaon Ó Laoghaire.
    Lá amháin bhí an bheirt ag ithe bradáin i dTúirín an Bhealaigh. "Tá rud éigin ag cuir in iúl dom go scoilthigh tú orm" arsa Ó Laoighaire. Ní shiubhalfad cois-céim eile leat arsa Diarmuid.
    Chuaidh Diarmuid soir agus chuaidh Ó Laoighaire siar. Bhí áir cómhnuighthe ag Ó Laoighaire i mBunán. Shrois sé Bunán um thráthnóna. Bhí leabaigh ag Captaon Ó Laoghaire in aice na teineadh. Nuair a shrois sé Bunán, bhí tuirse a chroidhe air. Do chaith sé é féin isteach sa leabaigh, mar bhí tuirse air. Do chuir cúpla fear chun báis é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Cróinín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cuar Lom Thiar, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cróinín
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    An Cuar Lom Thiar, Co. Chorcaí