Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon lá amháin bhí fear i gCaol an Eidhin ag rómhar páirce le rámhain. Bhí sgeach geal in aice an chlaidhe agus do theastuig uaidh í a chur amach as. Do sháig sé an rámhan isteach fúithi agus nuair a dhein sé é d'airig sé mar a bheadh duine ag gol. D'fheach sé isteach agus bhí mar a bheadh nead fúithi agus í lán de dhaoine beaga. Is amhlaidh a bhris an rán lámh duine aca.
An oidhche sin san leabaidh do bhí sé ag cuimhneamh ar na daoine beaga. Dfheuch sé amach an fuinneógh i dtreó na háite agus chonnaic sé chuige alán daoine beaga. Thángadar isteach an fuinneógh agus suas chun na leaptan chuige. Cheap sé go raibh deire leis. Bhíodar ináirde ar an leabaidh agus do léim sé chun iad a chur amach. Nuair a chonnacadar an léim do theitheadar agus ní fheacaidh an fear a thuille iad.
An lá ina dhiadh sin bhí sé ag cainnt le fear eile a bhí ina chómhnuidhe san áit sin agus d'innis sé dho mar gheall ar na daoine beaga. Dubhairt an fear eile gur ag innsint na firinne a bhí sé mar go bhfeaca sé féin ag dul i(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Celestín Ua Ceocháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cuar Uí Chomáin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua hÚrdail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí