Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 200
- XML “Conas mar a bhFuair Muintear Súilleabháin a nAinm”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí, timcheall na h-áite seo fadó, fear go raibh ainm agus cáil a fhéile i mbéal gach aoinne i bhfad is i gcómhngar, mar nár thug sé an teiteachas d'aoinne riamh a iarr rud air, má bhí sé i na chómhact an t-éileamh san do shásamh. Diarmuid ab ainm do'n duine sin.
Bhí cara ag Diarmuid, agus Tadhg ab ainm do. Bhí dlúth-caradas idir Dhiarmuid agus Tadhg. Uair amháin do chur Tadhh geall deich bpúnt le fear eile go dtabharfadh Diarmuid do'n bhfear san aon rud a d'iarrfhadh an fear air.
Do ghluais na laetheanta thart agus fé dheire do bhris an lá ina rabhthas chun an mian a iarraidh ar Dhiarmuid. I lár an lae tháinig an fear go tig Dhiarmuda. D'fiafhruig Diarmuid de cad é an mian a bí uaidh. D'iarr sé ar Dhiarmuid a shúil dheas a thabhairt do.
Bhí ionghnadh mór ar Dhiarmuid go n'iarrfhadh aoinne mian cómh mícuibhseach san ar aoinne eile, acht i dtreó ná beadh Tadhg chun deirig mar gheall ar an ndeich bpúnt a chailliúnt do thug sé a shúil don bhfear.
Ní raibh ach an taon t-súil amháin aige annsan.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Cróinín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cuar Lom Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cróinín
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- An Cuar Lom Thiar, Co. Chorcaí