Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 194
- XML “Inse na gCeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó deirtear go raibh eun mór tímcheall na h-áite seo agus go raibh sé ag deanamh díobhála ar bharraí na ndaoine. Lá amháin tháinig Fionn Mac Cúmhall ag fiadhach. Bhí Bran in aoineacht leis.
Níor bhfada gur casadh air an teun.
As go brách leis an eun agus Bran 'na dhiadh go dtí go dtánadar go h-áit darb ainm Ínnse na gCeann. Níor fheud an t-eun dul níos a shia, agus isé an rud a dhein sé ná, iompó agus troid leis an madra.
Ní raibh aoinne acu ábaltha ar an lámh-uachtar d'fhagháil ar an gceann eile, agus bhíodar araon geall leis marbh ó bheirt ag troid. Ní rabhadar ábaltha ar sheasamh agus 'sé rud a dhein Fionn ná cloch mór do caitheamh leó. Bhain sé na cinn den bheirt acu agus chuir sé fé'n gcloich a chaith sé iad, agus d'imthig sé leis abhaile. Riamh ó shoin glaodhtar Ínnse na gCeann mar ainm ar an áit.- Bailitheoir
- Risteárd Ua hÚrdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inse na gCeann, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Risteárd Ua hÚrdail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Inse na gCeann, Co. Chorcaí