Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 181

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 181

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 181
  3. XML “An Bhean Doicheallach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann fadó agus ní thabharfhadh sí lóistín do aoine. Bhí mac léi imthighthe go coláiste le seacht mbliadhna. Aon tráthnóna deanach tháinig sé abhaile, agus chonnaic sé fear bocht ag dul ó thig a mháthar. "Cad na taobh na fuairis lóistín suas annsan"? arsa an mac. "Ní leagfadh máisghistreás a' tíghe istig mé." "Fan annsan agus raghad ag triall uirthi, agus bfhéidir go bhfaghamaís araon lóistín."
    Nuair a shrois sé an tig níor aithin a mháthair é. Do sheas sí i lár an tíghe agus dubhairt sí "Cad as tú a ganndail?"
    "Anuas o's na gleanntha" ar seasean.
    "Ní heólach dom ann tú" ar sise.
    "Ní hé sin ná go mbím ann mhaise" ar seisean.
    "Cad is ainim duit"? ar sise. "Seán bhí id Suidhe" ar seisean.
    "Seán Bí id Shuidhe"! ar sise.
    "Seadh le toil mná an tíghe", ar seisean.
    "Ní hé sin a deirim leat", ar sise.
    "Is ró mhaith a chreidim thú", ar seisean.
    "Is múinte an duine tú", ar sise.
    "Múinim a nólaim" ar seisean.
    Tar éis an chaint d'inis sé dhi cé ar bhé.
    Dubhairt sí annsan aon dá lá is a mhaireadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Cróinín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cuar Lom Thiar, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cróinín
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    An Cuar Lom Thiar, Co. Chorcaí