School: Maghcromtha (B.)
- Location:
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
- Teacher: Pádraig Ó Deasmhumhna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maghcromtha (B.)
- XML Page 247
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Leisge dul ag codhlad, leisge ag eírge, an timcheall chun na h-oibre is an chómhgar chun an bhídh.”
(continued from previous page)Is binn béal ar siubhal ach níor dhein béal ‘na chomhnuidhe aileas riamh.
Is anamh a bhíonn cúl iarmasach ag béal meal maith.
Bean nó muc istoidhche nó caora i gcró.
Teachtaire gan naíre iseadh leanbh.
Ní thagann an crúiscín slán ón dtobar i gcómhnuidhe.
As an ceann a crúdtar an bó.
Diógha gach bídh cabáiste glás agus diogha gach dighe an mug aisean.
Seachain an uaisleacht nár thathuighis.
Ní bheidh againn ar ball ach sé troigthe.
Ní san cómhaireamh a bhíonn an tairbhe go minic ach sa
Ní hé an té [ianach] is árd glór is feárr chun gnímh i gcómhnuidhe
Is sleamhain iad leacacha an tighe mhóir.
An croidhe páirteach grádhmhar déirceach umha? is míle feárr go bráth ná an béal ar siubhal.
Is maith an t-eolaidhe an t-uireasba.
An rógaire is mó deineann an bás fear díreach de.
Is trom an t-ualach an leisge.
Is cruaidh an ceart nuair a bhíonn gan neart.
An croch do’n cuirptheach le truagh do’s na daoine macánta
Faid a mhairid tú go mairidh do bheas
An rud nách fuí é iarraidh ní fuí é d’fhághail
Is deacair togha a dhéanamh idir dhá ghabair dall.
Bhí go moch in do shuidhe, bhí go luath in do luighe is ní fada go mbeir cómh sásta le Rí.- Collector
- Risteard de Brún
- Gender
- Male
- Address
- Maigh Chromtha, Co. Chorcaí