Scoil: Macha na gClaidhe (uimhir rolla 16086)
- Suíomh:
- Macha na Cléibhe, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cathal Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Macha na gClaidhe
- XML Leathanach 352
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus do bhí ar an 4adh Rang 16/= dho dhul as an scoliocht abhfuaradar.Seo leanas na "Subjects" amúineadh ann.
Léíghtheóíreacht, Sgríobhneóíracht, Uimhiríocht, Tír Eólas. Níor múineadh fochal gaedhilge ann ámh.Bhí leabhra ag na Sgoláirí agus ní raibh cead aca na leabhra dó tabhairt abhaile fé mar a dheineann leanbhaí na Scoile anois - toisghe nach raibh ach beurla an bhriste ar fad ag mhuintear an bhaile agus beurla ar fad bhí ins na leabhra.Bhí slinní (Slates) ag na sgoláirí. Bhí paipeár aca leis agus pinn deunta do cléítí aca.Do bhí fód an mór cearnóghach móna ( a very large specially cut sod of turf) mar suideachán ag gach sgoláíre.Do bhiodh cathaoir admaidh ag an múinteóír féin. Deirtear go raibh Domnall (muinteóír) 'na sgoláíre mhatih agus go raibh fios a chéírd go fíor mhaith ghe agus bá mhór an mheas bhí ag aoinne air.Do deineadh Scoil Náísiúnta de'n scoil scairte seo sa bhliain 1839. Lean Domhnall ag múineadh ann. D'eirigh sé as an múinteóíreacht sa bhliain 1840 agus tháínig múinteóír eile an darbh ainm do Mr Neville - strannseár do bheadh 'Neville.'Toghadh (built) scoil eile tamall na dhiaidh sin - an sean scoil a tugtar air fós. Bhí fear darbh ainm do Mac Cártaigh ann 'na dhiaidh sin. Annsan fear darbh ainm do "Tadhg o Sullivan - Mac Carthy - Vaughan - Moynihan - Cronin agus Vaughan arís.(leanann ar an chéad leathanach eile)