Scoil: Duíbhlios
- Suíomh:
- Duílis, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Céad bhliain o thoin ní raibh dochtúirí na oisbuidéal le fághail in aonchor act bhíodh daoine árd-léigheanta ins gach ceanntair. Bhíodh leigheasanna acu san ní h-amháin dó chorp dhúine acht go ghalar beidhtidheach leis. Tá cuid des na leigheasanna i bfheidhm in aice na h-aite seó fós.
Seó cúid díobh. Da ngortúigheadh duine a chos gheibheadh sé sáiste agus bheirbheóchadh sé é agus annsan d'óladh sé a t-anbhruithe. Da mbheadh na dathacha ag goilleamhaint ar dhuine do dheaneadh se tig dó agus chuireadh se brosna tímceall an tighe. Annsan théigheadh an duine isteach ann agus chuireadh se an brosna tré theine agus d'fhanadh an duine istigh go dtí go mbheadh se ag cuir alluis go tuigh agus annsan imthigheadh na dathacha.
Da mbheadh teinneas cinn ar dhuine do cheangalofaí fásgán thar a cheann agus chuireadh se a chosa nios áoirde ná a cheann agus annsan d'imthigheadh an pian. Tá leigheasanna éile acu i gcóir teinneas cinn anois. Tá "asprós" acu anois agus sgaipeadh síad san an pian. Da mbeadh teinnes fiachal ar dhuine do chuireadh sé bior ins an teine agus d'fághadh se ann e gó dtí go mbheadh se dearg agus annsan chuireadh se an bíor dearg ar an bfhiachal agus b'fheidir go n-imthigeadh an pian.
Do bhíodh orthai achu fadó léis. Do bhiodh orthai ag daoinibh áirighthe i gcóir fúil, dó stopadh dá mbheadh sé ag teacht go flúirseach. Do bhíodh orthai achu léis i gcóir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Riogain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Garrán Thuaidh, Co. Chorcaí