Scoil: Duíbhlios

Suíomh:
Duílis, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0303, Leathanach 137

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0303, Leathanach 137

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Duíbhlios
  2. XML Leathanach 137
  3. XML “Ainmneacha Páirceanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá feirm mo athair suidhte 4 míle ar an dtaobh thúaidh de Dhromdaliag. Tá pairch ar aghaid an tighe amach agus " AN LEACA" a tugtar air, tá pairch inaice an bhotair agus CLAIS DOIMHIN" a tugtar air. Áit mín, réidh iseadh é agus sruthan mor doimhin ag rith tre na lár. Cúpla slat ón pbáirc san tá páirch éile agus PAIRCH NA GCLOCH a tugtar áir. Tá cloca móra árda ann fós.
    Tá páirc ar an dtaobh thiar d'ar dtigne agus CNOCH CÁM a tugimid air. Áit ana gharbh iseadh í agus tá cnucíní annso agus annsúd ann. Tá PÁIRC CAOL in-aice ná h-abhán agus CURRACH LIATH an ainm atá air. Do bhí portach ann bhíanta o shoin agus tá go leór crainn ag fás ann fé láthair.
    Tá páirc in-aice leí san agus DROM AN CHOINÍN a tugtar áir. Ní fheadar cadh na taobh gur tugadh an ainm sin air. Ta páirc eile ann agus SEANA GRAFA a tugaimíd air anois. Ta páirc in-aice ár dtigne agus CILLE BEAG a tugtar air Do bhí cóill ánn fadó acht níl tásg na tuairis den gcoill san ánn anois.
    Ta pairc éile againn leis agus AN MÓINTÉAN a tugamíd air. Áit caol fada doimhin iseadh í agus áit ana conntarbhach iseadh í.
    Tá áit caol in-aice na h-abhan agus AN CUL LÁTH Cúl-Atha a tugtar áir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Garrán Thuaidh, Co. Chorcaí
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Riogáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Garrán Thuaidh, Co. Chorcaí