Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 416
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)turas.
Bearrtar fionna an capaill le h-inneall bearrtha.
Bíonn a lán gléasadh ag an gcapall - an diallait, an ceannaire, an béalmhac, an bóna, an adhastar, agus an h-ama.
Ainmhidhe an-fiadhain iseadh an gabhar.
Bainne maith folláin a thugann sí.
Itheann sí gach sagas luibh.
Coimeadtar na muc i dtig na muc.
Itheann sí gach rud.
Deirtear go bhfeiceann an much an gaoth agus go bhfuil sé dearg, mar nuair a thagann an gaoth go dtagann sgeón uirthe.
Tagann an sprid i bhfuirm muice de réir seana leabhar Cuilm Cille.
Ainmhidhe an-caom iseadh an caora. Bíonn sí ag inbhear ar talamh árd 'san Samhradh agus ar talamh íseal 'san nGeimhreadh.
Bearrtar an caora 'san Samhradh le deimheas agus faightear airgid dá n-olann.
Bíonn raint éanlaithe tighis ar an bhfeirm .1. turcac, cearca agus sicíní.
Nuair a bhíonn torann an gor ar an gcirc curtar ar aibheaca í insan Earrach.
Cuirtear marcáil croise ar na h-uibheacha le píosa maide dóighthe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán O Riordáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Curraichín, Co. Chiarraí