School: Gleann Beithe
- Location:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Teacher: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe
- XML Page 415
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cuaidh bean ghá crú agus líon an bó galún bainne di.
Cuaidh bean eile ghá crú agus do líon sí an t-árna galún di.
Ní raibh aon bainne ag na daoine agus cuaidh gach éinne gá crú. Líonadh sí gach aon árthach a thugaidís leo.
Bhí bean droch-shúileach ann. Bhí sí ag díol bainne dos na daoine bochta agus tháinig éad uirthe.
Cuaidh bean isteach di lá agus d'innis sí di, mar gheall ar an mbó iongantach san.
Dubhairt an bean go raghfaidh sí féin á crú ar maidin agus go dtugadh sí árthach léi nách líonadh sí .
D'imthigh sí ghá crú agus thug sí criothar léi. An méid a cruidhtheach sí d'imthigheadh sé ar an dtalamh.
Do leig sí trí géim aiste agus níor fheacadar ó shoin iad agus glaodhuidís Druimfhionn Donn Óg uirthe.
Coimeadtar an capall insan stábla. Itheann sé coirce, feur, prátaí agus meacain ó'n mbainséar insan stábla.
Cuirtear cruidhte fé capaill gach dhá mhí nó mar sin de réir na h-oibre a dheineann sí .
Deirtear geoch cun an capaill do bhrostú ar(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Gender
- Female
- Address
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Informant
- Seán O Riordáin
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- An Curraichín, Co. Chiarraí