Scoil: Gleann Beithe (B.) (uimhir rolla 4762)
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe (B.)
- XML Leathanach 116
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thosnuig an caisleán ag crith arís agus d'fan an fear istig ann. Tháinig an guth céadhna ins an simné agus do tháinig trí coin anuas agus thosnuigheadar ag amhastraig agus ag rith timcheall an tighe agus nuair a bhíodar tuirseach dubhairt ceann aca "Leog amach sinn." Téir amach an áit a tháinig sibh isteach" arsa an fear agus thug sé buille dá camán le na coin agus suas an simné agus leo. Tháinig an tríomhadh oidhche agus do chrith an caisleán arís agus tháinig an guth san simné agus tháinig ceathrar fear anuas agus thosnuigheadar ag iománaidheacht. Nuair a bhí deire leis an mbáire d'imthigh triúr aca agus d'fan duine amháin agus dubhairt sé leis an bhfear a bhí i bhfeidhil an chaisleáin "Is maith an fear thú. Seo fáinne óir agus téir go dtí na Gardaí agus tabhair an fáinne seo dóibh agus abair leo go mhairbh mo mhac mé agus go bhfuilim curtha fé'n urlár seo, thiocfaidh na daoine mór thimcheall an h-áite seo chun(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Domhnall Ó Murcadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mhurchadha
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí