Scoil: Gleann Beithe (B.) (uimhir rolla 4762)
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe (B.)
- XML Leathanach 146
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéul
Bailighthe ag Pádraig Ó Ríordáin ó Cúl Ruadh.Fadó bhí fear 'na chómhnuidhe ag Faill Mhór agus bhí cáirde leis 'na gcómhnuidhe i dTráigh Lí. Bhí leanbh leis ag na cáirde i dTráigh Lí. Lá amháin do chuaidh sé chun an leanbh do thabhairt abhaile. Ar an mbóthar abhaile dó do bhuail mac tíre leis . Do thug an mac tíre fé agus bhí sé a dhiarraidh an leanbh d'fhagháil. Bhí bata ag an bhfear agus do bhuail sé an mac tíre siar leis go dtí go dtáinig sé in-aice leis a thigh féin. Do thug an mac tíre fé arís agus bhí ag teipeadh ag an bhfear é a choimeád uaidh. Ach glaoidh sé choin a bhí aige. Tháinig an chú agus do rug sé ar an mac tíre agus do mharbh sé é.
Fuaireas an sgéul so mo shean-mháthair Bean Sheáin Uí Ríoghbhardáin.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Ríordáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chúil Rua Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Ríordáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann