Scoil: Gleann Beithe (B.) (uimhir rolla 4762)
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe (B.)
- XML Leathanach 109
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'fhágaint uirthi. Dheineadar mar adubhairt sí agus do chuireadar í san reilig i mBaile na Cille agus an fó-ghúna uirthi. Nuair a tháinig an drifiúr eile abhaile dubhairt sí leis na daoine cá raibh an fó-ghúna a bhí uirthi agus dubhradar go raibh sé uirthi. Cúpla lá na dhiaidh san chuaidh beirt fhear go dtí an reilig d'oscail siad an uaig agus bhaineadar an fó-ghúna de'n chorp agus cad a bhí fuaghálta istig ann ach a lán airgid. Fuair an drifiúr an t-airgead. D'innis mo shean-athair Pádraig Ó Buacalla ó Baile na Cille an sgéal so dom.
- Sgéul
Bailighthe ag Pádraig Ó Ríordáin Cúl Ruadh.Fadó do chuaidh fear go dtí Coill na Curra ag baint sgolb. Nuair a bhí na sgolb bainte aige do shuidh sé síos agus do thuit sé a chodhladh. An fhaid a bhí sé ann do thaidhreamh sé go raibh pota óir fé'n a cheann. Nuair a dhúisigh sé bhí sé ró-dhéanach chun é a chuardach an uair sin. Do chuir sé marc san áit go raibh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Ríordáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chúil Rua Íochtarach, Co. Chiarraí