Scoil: Gleann Beithe (B.) (uimhir rolla 4762)
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe (B.)
- XML Leathanach 107
- XML “Mo Cheantar Féin”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar sin a fuair Cill na mBreac a ainm.
- Sgéal
Bailighthe ag Seán Mac Suibhne Baile na Cille.Bhíodh bean-mara le feisgint ag Ros-Beithe gach maidin bhréagh de mhí Bealtaine fadó. Do thárla go raibh fear in a chómhnuidhe i nGleann Cárthaigh agus fuair sé amach go raibh an bhean-mara le feisgint ar an tráigh agus do thagadh sé go dtí an tráigh gach maidin go moch ar feadh trí laetheannta agus a chapall aige. Ní fheaca sé an bhean an chéad maidin ná an tarna maidin ach do tháinig sé go dtí an tráigh an tríomhadh maidin roimh eirighe na gréine agus cad a chíidhfeadh sé ós a cómhair amach in a suidhe ar an tráigh agus í ag cíoradh a cuid grúaige ná an bhean-mara. Do sciob sé a clóca agus tháinig sí cuige. Do chuir sé suas ar a chapall í agus do thug sé abhaile í agus do phós sé í agus bhí triúr leanbh aca. Dubhairt sí leis an bfear lá dá bhfaghadh sí a clóca go raghadh sí go dtí an fhairrge arís. Lá dá raibh an fear amuigh agus go raibh sí in h-aonar do chúardaig sí an tigh agus fuair sí an clóca agus rith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pártalán Mac Suibhne
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí