School: Cuileannach (C.) (roll number 2708)
- Location:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cuileannach (C.)
- XML Page 376
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)roilge. Caithidis an corp isteac san úaigh gan cómhra na braitlín.
Sgéal Bhí fear bocht ag siubhal na sráide lá agus bhí sé geall tuitim leis an ocras. Tháinig chailín amach ó siopa bácéara agus boscéid bullóg aráin aice bhí si ag siubhal thar an bfear mbocht agus thuit bullóg as an mboscéid inaiche leis. Tóg an fear é agus chuir sé súas cun a bhéal é agus bhí se cómh machánta gur thóg sé anúas é arís. Lean sé an chailín
"Seo bullóg a thuit as an mboscéid uaith a chailín"
Ní raibh an bullóg acht tóghtha aice nuair a thuit an fear bocht ar an mbóthar. Bhí sé marbh, marbh leis an ocras. Acht bhí sé cómh galánta agus cómh macánta nar ith sé an bullóg.
Ainm agus seoladh don té a thug an méid eolas dom i nGaedilg:- Seamus Ó Cobhthaigh, Ceathrú-na-hAbhann- Collector
- Eibhlín Ní Laoghaire
- Gender
- Female
- Informant
- Seamus Ó Cobhthaigh
- Gender
- Male
- Address
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí