School: Cuileannach (C.) (roll number 2708)

Location:
Cullenagh Upper, Co. Kerry
Teacher:
Bríd, Bean Uí Chochláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 343

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 343

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cuileannach (C.)
  2. XML Page 343
  3. XML “An tAonach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is mór an áis dos na feirmeoírí agus des na ceannuighteóirí na h-aontaigthe sin do bheith ann anois, mar fadó do bhí sé ar na ceannauigtheóirí dul ar fud na tuatha go dtí gach tigh feirme cun na h-ainmhidhe do cheannach. Anois bíonn páirc fé leith i bhfúrmhór na mbailte i gcóir na h-aontaighthe agus is éigin don lucht díolta a stoch do thaisbeáint agus don lucht ceannuidhthe é d'fheiscint.
    Anois bíonn sé air na feirmeóirí "páidhe a tabhairt ag geata an aonaigh le h-aghaidh gach beithidhigh mar atá, trí pingine ar mhuch, agus sé pingine ar bhuin. Bíonn na h-aontaighthe i ndeire na bliadhna ar na h-aontaigíbh is mó mar bhíonn na ferimeóirí ag sgarúint le na stoc a bhíonn aca roimh an gheimhreadh. Fadó bhí aonach an patrúin i gCíll Gobhnait. Anois bíonn aonach mór i gCíll-Orglan i mí an Mheithimh. Aonach an Phuich a tugtar mar ainm air. Bíonn pocán gabhair ináirde ar áit áird i lár na sráide ar feadh trí lá an aonaigh. Cuirtear ináirde é an oidhce roimh an aonach agus tógtar anúas é taréis an tríomadh láe. Bíonn aontaighthe fé leith i gcóir capall agus banbhaí.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Chonchubhair
    Gender
    Female
    Informant
    Bean Uí Chonchubhair
    Gender
    Female
    Address
    Cullenagh Upper, Co. Kerry