Scoil: Lough Arrow
- Suíomh:
- Loch Arbhach, Co. Shligigh
- Múinteoir: Cathal Ó Dubhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- DARÉAG DEARBHRÁTHAIRBhí daréag dearbhráthair in a gcomhnaidhe i mbaile talmhan amháin; bhíodar go léir pósta agus bhí a ndaréag ban beo; bhí gabháltas talmhan ag gach aon fhear díobh.Bhiodar an cinéalta agus umhal da chéile, agus bhí meas mór ag muinntir an pharoisde ortha. Ní rachadh aon fhear diobh go dti aonach, margadh, sochraid srl. gan a dhearbhráthácha go léir a bheith leis agus a daréag ban. Mar sin bhí ainm in-áirde ortha mar bhí aithne ar gach aon duine ins na seacht bparáisdí ortha.Lá amháin chúadar (an dareag fear agus a ndaréag ban) go dtí an t-aonach a bhí i mBaile an Fearnáin; ní rachadh aon dearbhráthair diobh abhaile gan iad go léir a bheith leis, bhiodar chomh cineálta sin. Bhiodar go léir an la sin réidh le dul abhaile agus a ngno go léir déanta aca. Bhi sé de nós acá iad fhéin a chomhairuíghadh le fhághail amach an raibh an daréag aca ann, sul fhagas(leanann ar an chéad leathanach eile)