School: Lough Arrow

Location:
Loch Arbhach, Co. Shligigh
Teacher:
Cathal Ó Dubhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0182, Page 100

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0182, Page 100

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lough Arrow
  2. XML Page 100
  3. XML “Scéal faoi Shantacht Tiarna Talún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall na bliadhna 1852 bhí fear ins an bparoíste seo agus bhi dhá roinn talmhan aige fa aon tighearna talmhan. Aon lá amháin bhí an fear seo ag treabhadh i gceann de na ronna, (agus bhí an roinn seo fa coingheall aige). Bhí casán ag gabháil o'n mbóthar mór go dtí an roinn talmhan seo. Tháinic an tighearna talmhan lá amháin agus an fear ag treabhadh, agus thóg sé claidhe ar an bpaisáiste seo ionnós nach mbéadh bealach ag an tionóntuidhe a theacht amach as a roinn talmhan. Dubhairt sé annsin leis an bhfear,
    "Ma leagann tú aon chloch de'n chlaidhe sin béidh tú i gcarcar Sligigh roimh maidín."
    Níor bhfeídir leis an bhfear bocht teacht amach gan an balla a leagaint agus ní raibh eiteallán ins an dtír an uair sin. Níor mhaith leis a bheith curtha isteach i bpríosuín, agus fa deireadh thug comhursa ceannamhail cead dó a theacht amach tríd a talamh féin. B'eigean dó annsin a roinn talmhan sin a leigint leis an dtighearna talamhan mar ní raibh bealach feasta aige le dul isteach in a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Language
    Irish