Scoil: Lough Arrow

Suíomh:
Lough Arrow, Co. Sligo
Múinteoir:
Cathal Ó Dubhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0182, Leathanach 099

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0182, Leathanach 099

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lough Arrow
  2. XML Leathanach 099
  3. XML “An Gabháltas”
  4. XML “Neamhchothromacht an Tiarna Talún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I rith an t-ochtmhadh agus an naomhadh aoise déag, budh é méad an mhuadhon-feirme uá cúig acra déag nó mar sin: Nuair bhéadh athair na cloinne ag fághail bháis, roinn sé é De ghnáth imeasg a bheirte mhac agus a ingean. Ní rinneadh an t-udhacht mar déantar anois, acht dubhair an t-athair go mbéadh an pháirc seo ag aon mhac agus go mbéadh a leithéid seo de pháirc ag an mac eile, agus is ar an mbealach seo a bhfuair siad a gcoda de'n fheilm. Ag an am sin do choinnig fear a ghabháltas fa "choingheall" no fá "léas" leis an "dtighearna talmhan".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
  2. Ba mhinic a bhí dhá roinn talmhan ag fear fa léas ag an dtighearna talmhan. Is minic frieisn agus ba ro-mhinic do shanntuigh an tighearna talmhan aon phíosa talmhan agus gcobhadh sé é de chóir no de eagcóir. Ní thúibhradh sé cead do'n tionóntuidhe dá theach a bheith ar a roinn talmhan. Dá teach comhnuidhthe no "Dá teine" mar deirtí ins an am sin a bheith ar an bhfeilm
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.