School: An Cam (Camp), Tra Lí
- Location:
- An Com, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an an mbreágaire."
Shúighfadh na faillteacha chucha tá leis srl.Éanlaithe
Bhíodh cuid de na héanlaithe beannuighthe agus cuid acu fé dhaoidheacht agus cuirtí 'na luighe orainn nár cheart a bheith a' marbhiughad ná a' lot a nead. Seo dáinín a d'fhoghlamuigheas ar scoil ó gharsúin a d'fhoglamuig ó na mhuintir féin sa bhaile é."An té choill mo nead
An té choill mo nead
Nár feice sé bó na capall
Roimis amach."Chreideamar go láidir go dtiocfad géag thinn nó galar éigin radhairce ar an té choillfeadh nead éin. Torcháil a éanlaithe
Ní thaithnigheadh leis an muintir chríonna acht oiread buaichaillí bheith ag dul ag 'tórcháil' ar éanlaithe isdoidhche cé go ndeinidís é. Mar seo a dheineadh buachaillí Baile na nGall lóchrann. Ghabhdís buideál (pínt 's cnagaire) agus chuiridís bhraon uisge ann agus chuiridís ar theine é. Uaireanta chnagadh an buidéal dteorainn an uisce agus go minic ní dheineadh. Pé'n domhan é nuair a bhainidí an tóin as d'iompaighdí an an scrugal fé agus chuiridís coinneal 'na seasaimh sa scrugal agus thugadh an lóchrann solus dóibh chun na n-éan mbocht(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 42
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Na Garraithe, Co. Chiarraí