Scoil: An Cam (Camp), Tra Lí
- Suíomh:
- Camp, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cam (Camp), Tra Lí
- XML Leathanach 146
- XML “Rudaí a Chuala Féin agus a Thugas fé nDeara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mbreagáire agus toisc go riabh baoghal ann agus é i bhfad ó chabhair, bhíodh eagla a n-anama a chuid mhór de na h-athracha agus de sna maithreaca a gclann mhac a leigint ann. Sé an baoghal ná go diocfadh fiadh-thoinn láidir agus duine a scuabadh dhe. Saghas cuimhnise elaidhe atá ann agus é comh h-árd 's go gclúdathadh barra taoide é. Seo scéal a chuala mar gheall ar an mBreágaire. M'athair is dóigh liom a d'innis dom é os cionn triocha bliain o sóin.
"Bhí fear ar an mbaile' - is dúigh liom gur innis sé a ainm dom acht na tugaim chun mo chuimhna anois é - 'agus bhí sé ann lá amhain ag dul ar an mbréagaire ag iascach bhallach. Nuair a bhí sé ag déanamh ar an áit cad a d'éireoidh aníos as an uisge chuige acht fear fionn ruadh agus ó na chom aníos d le fescint. Chas sé (an t-iascaire) ar a sháil agus ní túisge a shroich sé barra na faille na d'éirigh farraige mhór amach sa chuan a chlúdaih an fhaill ó bharr go bun. Dá mb'é a sheans é go raibh sé ar an mbréagaire bhí a phort seinnte. Ó'n lá san go dtí an lá a cailleadh é níor chuaidh sé ag iascach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 42
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Garrahies, Co. Kerry