Scoil: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 15844)
- Suíomh:
- An Baile Dubh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do gaibh Eoghan Ruadh isteach lá go dtí bean tighe agus do bhí sí cúramach agus dúbhairt sí leis suidhe go fóil ar an gcathaoir go dtabhairfidh sí a ndinnéir do dhá dhuine uasail a bhí annsan. Cad a bhí ann - bradán a róstadh aici dóibh. Nuair a bhí sí beirbhighthe do tug sí leithi suas ó'n t-seómra go dtí an dá duine uasail.
Nuair a tháinig sí thar nais dúbhairt sí le Eoghan suidhe cun an bhúird. Do bhuail dó nó trí prátaí chuige agus scadán. Seo ag caint leis ag an scadán agus fé mar a baineadh sé greim as do bhíodh sé ag cainnt arís leis.
Chuir cheann de's na daoine uaisle a cheann ó'n doras agus do glaoidh sé ar an dara fear mar ná tuigeadh sé an cainnt a bhí á rádh ag Eoin. Cad fá na cainnte ars iad san le Eoghan. Dearbhráthar dom a báthadh fadó. Táim a fiafraighe den sgadán a gcífeadh sé ar a shiubhalta é. "Agus cad dúbhairt sé leat?" "Ghur mo shiubhalaigh an bradán thuas agaibh-se." Thug an duine uasail an bradán cuige agus bhí sé ag baint a greim as nú go raibh s deire itte aige. Cad dubhairt sé leat ars iad san. "Ní bhfuaireas aon cúnntas uaidh."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán O Muircheartaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí