Scoil: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 15844)

Suíomh:
An Baile Dubh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0431, Leathanach 028

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0431, Leathanach 028

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 028
  3. XML “Longbhriseadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Long mór trí crann do beadh an Port Yarrock. Dfhág sí Portland Oregan ar an badh la de mí Iúl 1893 le dhá mhíle tonn copar luach €10,000 cun teacht go Glas [?]
    Rug ana droch aimsir uirtí agus tháinig sí isteach i mbág Breanann deireadh Eanain 1894 agus na seólta go lé [?] na giobal ag an gaoith.
    Do chaint sí anncaire sa chuan agus thainig an captaen i dtír agus chuaid sé go Tráighlí ar cúram éigint agus thainig sé tharnais agus chuaidh se ar bórd arís.
    Bhí íascairí na háite isteach agus amach chúichí ar feadh cúpla lá.
    Bhí bád tarrach ann ó Luimnigh ach deirtear go ndubhairt an captáen (Forbes) ná thabharfhadh sé téad do bhád Éirannach. An Satharn deirineach den Eanair do shéid an ghaoth aníar adtúaidh an oidhche sin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. longbhriseachta (~384)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheal Ó hAongusa
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó hAongusa
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    46
    Seoladh
    An Clochán, Co. Chiarraí