Scoil: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 15844)
- Suíomh:
- An Baile Dubh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fir láidre. Bhí fear i Fearanachille Pádraig Ó Ruacháin a bainm do beireadh sé ar mhála mine agus caitheadh sé isteach i ráil cairt é.
Fir maith rámhaidheachta. Bhí dhá fir i Machaire Seán Hickson agus Pádraigh Ó Brún agus bhíodar go hana mhaith cun rámhaidheachta.
Spealadóirí. Bhí Muiris Ó Cinnéide ó Lios Cárna agus Pádraig Ó Ruacháin go hana mhaith cun spealadóireacht agus baineadh Pádraigh dhá acra sa ló agus baineadh Muiris aon áchra.
Bhí fear i gClochan Seán Ó Túaithigh a bainm dó agus bhíodh sé ag obair i Gcíarraighe Túaidh le speal agus nuair a tháinig sé abhaile bhí a mhuínntir á rádh ná raibh a coirce féin bainnte aige agus bhí sé dorcha nuair a tháinig sé agus chuaidh sé amach san gort agus bhain sé an coirce go léir.- Bailitheoir
- Mícheál Ó hAongusa
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caisleán Ghriaire, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó hAongusa
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caisleán Ghriaire, Co. Chiarraí