Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Oileán Chiarraidhe. Nuair a bhuaileadh an bhreóidhteacht duine sé an chéad rud a dheineadh muinntir an tíghe na an cómhra do dhéanamh. Bhí sceimhle i gcroidhe gach duine. Bhí fear ann agus do theith sé go dtí an CathairÁrd. Nuair do bhí sé ag fágaint do thug sé leis a raibh de chearca aige istig i gcliabh mór. Bhí an oiread san eagla air roimis an breóidhteacht agus an oiread san deabhaidh air go dtuit cuid des na cearca as an gcléibh agus ní fhilleadh sé chun iad do thógaint. Ní raibh i mBaile Móir taréis an pláig acht duine. Bhíodar ar fad caillte nó imthighthe in áit éigin le h-eagla roimis. Do tugadh abhaile an cómhra chuige sin leis nuair a bhuail an breóidhteacht é acht dob é an t-aoinne amháin sa bhaile go léir a tháinig as. 'Sé an rud a deireadh na daoine ins na bailtí eile tímcheall na h-áite na gurab(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eóghan Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí