Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Géar-leanamhaint.
Do bhÍ sagairt ina chómhnaidhe i mBaile Riabhach tímcheall na bliadhna 1714 - 1792. Do chaith sé dul ar teitheadh ós na Sasnaig ó go rabhadar chun a mharbhuighthe. Do chaith sé tamall mór anáirde ar bharr Chnoc Bhréanainn uatha acht do sgéitheadh air agus chaith sé an áit sin d'fhágaint. Do bhíodh caoire aige ar an gcnoc agus do mharbhuigheadh sé ceann anois is arís mar ná raibh puinn eile le nithe aige annsúd. Nuair a bhí sé ar teitheadh do dhein sé amhrán:-
Tugas-sa seacht mbliadhna ar bharr Cnoc Bhréanainn
Agus ní raibh do chúram orm acht faoisdiní d'éisteacht
D'imthigh na caoire uaim lá bréagh gléigeal
Agus nuair do chuas á gcuardach do sgéith an spiaire orm.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Gribhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Muileann an Ghlíomaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Gribhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Muileann an Ghlíomaigh, Co. Chiarraí