Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bliadhain nuair a cailleadh é. Tá sé curtha i bhFionntrágha.Máire Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean, di é. - An Droch-shaoghal
Sara dhúbhaig na prátaí tháinig tuille mór agus 'na dhiaidh sin d'éag na barraí ar fad agus tháinig an dubh ar na prátaí. Ní raibh aon biadh ag na daoine annsan agus gheibhidís ba agus caoirig agus mharbhuighidís iad. Théighidís isteach ins na tighthibh agus goididís na prátaí. Turnapaí is mó a bhíodh le n-ithe aca agus bhídís lán t-sásta le iad d'fhághail. Aon oidhche amháin goideadh dhá caora ó fhear. Do caith sé an lá á gcuardach acht ní bhfuair sé iad. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile tráthnóna connaich sé beirt fhear istig i mbotháinín ar thaobh cnuic agus an dá caora ar crochadh anuas istig agus iad marbh aca. Níor d'fan an fear le fhiafruighe dhóibh cé leis iad acht cur sé do(leanann ar an chéad leathanach eile)