Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)draoideacta agus an chlaideamh solais agus na bróga. Do buail sé ar an chulait agus na brógha agus thug sé leis an claoideamh. Nuair a bhí sé díreach chun imteacht seadh do conaich sé bosca ar an dtalamh. Do tóg sé an boscha na láimh agus d'oscail sé é agus cadh a bheadh istig ann ná fiachala a athar. Do thug sé leis na fiachla agus chuaid sé síos go dtí an mbádh agus léim sé isteach ínnte agus thug sé bárr a coise de agus chuir sé seact chéadh léig i bfairrge. Do bhí sé ag imteact leis agus bheireadh sé ar an ngaot a bhíodh roimís agus ní beireadh an ghaoth a bhíodh na diadh air agus ná bá taphúla é naoí nuaire ná na fáinleoga. Níor dein sé stadh ná staonadh nú go mbain sé amach an coill. Do siubhal sé leis nú go mbhain sé amach an faill.
Do seasaimh sé i mbun na faille agus thug sé aon léim amáin go barra na faille agus as go bráth leis nú go mbain sé amach chuirt a athar. Bí a athair chómh sásta leis toisc go mbain sé amach chuirt na bfathach agus go dtug sé leis na fiacla chuige go dtug sé a thig féin do agus dhein se Rí na háite do.- Bailitheoir
- Seámus Ruiseál
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí