Scoil: Smerwick (B.)

Suíomh:
An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dd. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 098

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 098

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Smerwick (B.)
  2. XML Leathanach 098
  3. XML “An Feirmeoir agus A Thriúr Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na h-uibhe a ghoid as an nead gan an t-ean a mhúscailt. Do dhein sé mar a dúbaras leis & thógh sé anuas na h-uibhe.
    Dúbairt sé leis an bhfoglaoir na h-uibhe a lamhach & chuir sé tímhcheall lé fiche slat uaidh iad. Do lamhach sé na h-uibhe & dúbhairt sé leis an siúinéir na h-uibe a chur lé chéile. Do chuir an siúinéir lé chéile na h-uibhe. Annsan dúbhairt an feirmeóir ná tabharfeadh sé an talmh d'aoinne aco mar ná feadfeadh sé a dheanamh amach ce'cu aco go bhfuil an cheárd is feárr aige.
    Dúbairt sé leó imhtheacht go ceann trí mblian eile annsan dúbaradar leis ná casfaidís go bráth arís ar. Do bhíodar ag siúbal leó & iad i n'aonfheacht nú go dtánadar go dtí an áit ná raibh tigh an rí. Do bhí an rí & a clann & muinntir na h-áite go léir ag gol is ag caoidhe.
    D'fhiarraigh an triúr don rí cad fé ndeara an gol go léir. Dúbairt an rí gur bannlaidh a bhí piast sa loch a bhí leath mhíle uatha & go gcaithfeadh sí an inghean a ghabáil lé n-ithe. Dúbairt an gadaidhe ná geóbadh sí an inghean lé n'ithe. D'imthíghdear ortha síos go dtí an loch & bhí an phiast thíos & a ceann ar imeall na locha aice.
    Do rug sí ar inghean an Rí & d'imthigh sí go dtí an taobh eile den loch & chuir sí ab inghean fé na ceann. Do fuair an triúr mac bád & amach leó. Do ghoid an gadaidhe inghean an Rí, & do thosnuighdear ag rámhíocht chómh maith & bhí na gcroidhe. Ní fada a bhíodar nuair a dh'eirigh an phiast. Ní túisce a dh'eirigh sí ná mar bhí an foglaoir ag caiteamh philéar léi. Sa deire do thuit sí anuas ar chliathán an bháid & bhris sí í, annsan do thosnuigh an siúinéir dhá dheisiú. Do thugadar inghean an rí isteach ar an dtalmh tirni & bhí an phiast marbh aco.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0653: The Four Skillful Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Aois
    15
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seamus Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí