Síad na trí chéád lá d'Aibreán iad. Bíonn an Márta ag iarraidh sean-ndaoine agus sean-bheithidhigh a chur chun báis. Bhí sean-bhó ann uair. Bhí sí an dona ar feadh an Mhárta. Níor chuir an Márta 'un báis í. Nuair a bhí sé caithte chroch sí a drioball agus thosuigh sí ag rith. D'iarr an Márta trí lá ar iasacht ar an Aibreán, agus chuir sé an tsean-bhó 'un báis. Bhí sé lá ghá cur 'un báis, lá ghá feamadh agus lá ghá cur.
Scéal eile:
An chéad lá baineadh cuid den fionnaidh di, an dara lá bhí sí níos measa ná sin agus an tríomaidh lá níor fágadh blas ar bith uirthi agus cailleadh í.