Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Iarthach
- XML Leathanach 345
- XML “An Tarbh Breac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fhearr agus d'imthigh leis. Bhí sé féin agus an dragún ag troid le na céile go dtáinig an tráthnóna. Annsin d'imthigh sí cun na fairrge agus d'imthigh seisean abhaile lá ar na mháireach.
Dubhairt sé an rachadh sé ann ach dubhairt siad go mbeadh sé marbh. Nuair a bhí siad imthighthe chuaidh sé go dtí teach na bhfathach agus gléas sé é féin agus d'imthigh leis. Bhí siad ag troid go tráthnóna agus annsin seadh chuimnigh sé ar neart an tairbh agus dubhairt "gabh síos agus marbhuigh é sin" chuaidh sé sios agus mharbhuigh sé é. Nuair a bhí sé ag imtheacht sgiob ingean an rí ar bhróg de agus dubhairt sí nach bpósfadh sí aon duine go deo ach an duine a rachadh an bhróg air. Chuir sí amach a chuid saighdiúirí agus nuair a connaich siad é dubhairt leis an bhróg a cur air agus nuair a rug sé uirrí chuaidh sí suas ar a chois agus pó-sadh é féin agis ingean an rí.