Scoil: Oileán Iarthach

Suíomh:
An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 341

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 341

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Oileán Iarthach
  2. XML Leathanach 341
  3. XML “An Tarbh Breac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí aon mhac amháin aige. Cailleadh a bhean i gceann tamaill agus phós an fear aríst. Leis an dara bean bhí triúr inghean aige agus an inghean ba h-óige bhí trí shúil innte. Bhí an gráin ag an leas-mháthair ar an mac agus bhíodh sé amuigh ag obair i gcomhnuidhe ag tabhairt aire do na beithidhigh. Ní thugadh sí mórán le n-ithe dó agus bhíodh ocras air. Bhí tarbh mór breach imeasg na mbeithidhigh agus lá fluich fuar amháin tháinig sé go dtí an buachaill agus dubhairt leis an adarc a bhaint dhó agus go bhfuigheadh sé biadh.
    Chuaidh sé go dtí é agus bhain sé de an adharch agus leag amach neart biadh agus deoch. Nuair a tháinig sé abhaile ní raibh sé indon a bhéilidhe a ithe agus ní raibh a fhios ag an leas-mháthair cé bhfair sé rud le n-ithe agus lá ar na máireach cuir sí amach an ingean badh shine ag faire air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge