Scoil: Oileán Iarthach

Suíomh:
An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 392

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 392

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Oileán Iarthach
  2. XML Leathanach 392
  3. XML “Marcaíocht an Phúca”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus sé an saidhbhreas do bhí aige gabhar, asal, cearc, teaithin beag ceann tuighe agus píosa beag talamh sléibh teamhail
    Ní raibh aon fhear i n Éire ba sonasaigh ná é mar bhí bainne as a ghabhar agus uibheacha ag a chearca agus thug an talamh neart beatha dhó.
    Do bhí se séanmhar sásta. Anois bhí fear saidhbhir i na-chomhnuidhe i n-aice leis a raibh neart de mhaoin an t-saoghail aige airgead agus ór agus chuile rud níos fearr ná a chéile. Ní raibh an fear seo sásta: ó mhaidin go h-oidhche bhíodh sé ag clabhsán is ag teasacht agus bhaist na daoine "Cráidhteachan" air agus bhaist sias "londubh" mar ainm ar fhear eile. Bhí pícha na chomhnuishe i n-aice leis an mbeirt ata. Do chuaidh an púca agus bhain sé an bainne dé gabhar an craidhteachán agus thug sé leis e agus thuithy na slinnte dhá theac agus ní raibh aon uibheacha ag a chuid cearca agus níor fhás i na gabhaltas breágh talamh ach neanntóga. Nuair a dhún an púca beárna amhain d'fhósgail se béarna eile d'on "londubh".
    Bhí gach rudh níos fearr ná a cheile ag an "Londubh" anois agus an "craidhteachán" ar an mbhóthar. Do mhúin an púca ceacht dó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Mháithnín
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Chatháin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    79