Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear darbh 'ainm Tomás Ó Máille 'na chomhnuidhe in Úraid i gConamara uair amháin. Do bhíodh sé ag brionglóidígh chuile oidhche go raibh ciste óir i bhfolach ag droichead Luimnigh agus dubhairt sé go raibh a bhrionglóidígh ceart agus d'imthigh sé leis agus ní raibh a fhios aige cé'n áit a raibh sé ag dul ach é ag cur tuairisge le chuile dhuine, cé an áit na raibh sé. Sa deireadh táinig sé go dtí áit 'na raibh sean-greásuidhe agus d'innis sé a sgéal dó agus annsin d'innis an greásuidhe dó-san faoi na bhriónglóidigh féin. Dubhairt sé go raibh sé féin ag brionglóidíg chuile oidhche ar feadh dá bhliadhain go raibh ciste óir i bhfholach faoi (crean) chrain sgeiche a bhí ag doras tighe Thomáis Uí Mhaille i Úraid.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Mhaithnín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chatháin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79
- Seoladh
- An Turlach Beag, Co. na Gaillimhe